130 Deontas Do Ghnólachtaí Beaga I Bhfine Gall Ceadaithe

Grants Approval Photo Shoot 1

 

Bhronn Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien, agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, deimhnithe ar dhaoine ar éirigh lena n-iarratas ar dheontas do ghnó lena dtacaíonn Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall. Cuireann Rialtas na hÉireann an cistiú ar fáil agus déanann Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa é a chómhaoiniú. Bhí na cuideachtaí i measc 130 cuideachta a faomhadh le 12 mhí anuas do dheontais airgeadais gnó (do ghnólachtaí nuathionscanta), deontais nuálaíochta, deontais fairsingithe gnó, Dearbháin Trádála ar Líne, deontais forbartha Easpórtálaí agus scéimeanna eile atá dírithe ar fhiontraíocht agus cruthú post a mhúscailt.

 

Tá na gnólachtaí faofa freagrach as go leor smaointe agus táirgí nuálacha, an méid seo a leanas ina measc: ardán bainistíochta gnó néalbhunaithe; déantúsóirí pacáistithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol don tionscal cógaisíochta; ardán saincheaptha oideachais dhigitigh chun airgeadas pearsanta a bhainistiú air; réimse táirgí ardchaighdeáin veigeánacha agus veigeatóracha; agus déantúsóirí seodra ardleibhéil comhaimseartha, ina measc rudaí eile. Cé nach bhfuil an formhór díobh ach i ndiaidh luathchéimeanna a bhforbartha a bhaint amach, tá rath náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach ag cuid díobh cheana féin.

 

Agus deimhnithe á mbronnadh aige ar gach ceann de na gnólachtaí a faomhadh le haghaidh deontais, dúirt an Comh. Eoghan O’Brien, Méara Fhine Gall: “Is mór an sásamh a thugann sé dom a thabhairt faoi deara go bhfuil forbairt ag teacht ar ghnólachtaí áitiúla beaga i bhFine Gall agus go bhfuil ag éirí chomh geal sinn leo in Éirinn agus thar lear. Glacann an Oifig Fiontair Áitiúil le ról ríthábhachtach lena chinntiú go n-aithnítear éachtaí ár bhfiontraithe i lár an aonaigh dhomhanda.”