Seirbhís do Chustaiméirí an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí (an ÚITA)
Tá an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí tiomanta don chaighdeán seirbhíse is airde agus is féidir a sholáthar do bhaill den phobal i gcoitinne.
Teagmháil a dhéanamh leis an ÚITA ar an nguthán
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ghlaoch ar 01-8905998
Má dhéanann tú teagmháil linn ar an nguthán, déanfaimid an méid seo a leanas:
Déanfaimid gach iarracht do cheist a fhreagairt láithreach. Mura féidir linn é seo a dhéanamh, glacfaimid do shonraí agus déanfaimid teagmháil leat le freagra a luaithe agus is féidir.
- Más gá dúinn do ghlaoch a aistriú chuig comhghleacaí, míneoimid an fáth a bhíonn leis. Cuirfimid ainm agus limistéar oibre an duine sin ar fáil duit agus cinnteoimid go n-atreoraítear do ghlaoch i gceart.
- Freagróimid do gach teachtaireacht ghlórphoist go pras
- Ní dhéanfaimid glaonna a atreorú chuig saoráidí glórphoist ach nuair a bhíonn an duine ábhartha gafa le glaoch eile nó nach bhfuil fáil air/uirthi nó má bhíonn sé/sí as láthair.
Teagmháil a dhéanamh linn trí chomhfhreagras scríofa ríomhphoist – [email protected]
Má scríobhann tú chugainn:
Aithneoimid an comhfhreagras scríofa go léir laistigh de 3 lá oibre.
- Déanfaimid gach iarracht, go ginearálta, chun freagra iomlán a thabhairt laistigh de 15 lá oibre. Cinnteoimid go mbíonn ainm, uimhir ghutháin agus seoladh ríomhphoist teagmhálaí i ngach ceann dár bhfreagraí scríofa.
- Déanfaimid iarracht scríobh chugat i bhfriotal simplí agus soiléir, agus míniú a thabhairt ar aon téarmaí teicniúla, más gá iad a úsáid.
Eolas Ginearálta agus Comhairliúchán/Foilseacháin
Foilsíonn an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí (an ÚITA) eolas i gcaitheamh na bliana
Cinnteoimid go mbíonn an t-eolas go léir soiléir, tráthúil agus cruinn.
Cuirfidh an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí (an ÚITA) seirbhís ardchaighdeáin ar fáil le cúirtéis, íogaireacht agus a laghad moille uirthi agus cóimheas á chothú idir an soláthraí agus an custaiméir.
Tá gach príomhfhoilseachán ar fáil ar ár láithreáin ghréasáin https://www.fingal.ie/aircraft-noise-ca
Lean sinn ar Twitter: @aircraftnoiseca
https://www.fingal.ie/aircraftnoiseca/usefullinks
Naisc áisiúla:
An tAcht um Thorann Aerárthaí (Aerfort Bhaile Átha Cliath) a Rialáil, 2019
Gearáin faoi Thorann Aerárthaí
ÚABÁC – Plean Bainistíochta Torann Aerfoirt 2018
Léarscáileanna Torainn an GCC
Plean Gníomhaíochta Torainn Chomhairle Contae Fhine Gall d’Aerfort Bhaile Átha Cliath 2019-2023
Cur chuige Cothrom na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (an EESI) i leith Torann Aerárthaí a Bhainistiú
Rialachán (AE) Uimh. 598/2014