An Chomhairle ag ullmhú do Stoirm Lorenzo

Storm Lorenzo Be Prepared Main

Tá Foireann Bainistíochta Géarchéime agus Foireann Measúnachta Drochaimsire Fhine Gall réidh chun freagairt don Rabhadh Drochaimsire atá eisithe ag Met Éireann le haghaidh Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine amach romhainn.

Tá Rabhadh Gaoithe agus Báistí, Stádas Buí, eisithe ag Met Éireann d’Fhine Gall. Tá gaotha de suas le 65kmh agus séideáin de suas le 100kmh tuartha le haghaidh idir 09:00 ar an Déardaoin agus 06:00 ar an Aoine, agus d’fhéadfadh an aimsir seo cur isteach ar dhaoine. Tá tréimhsí de bháisteach throm geallta idir 09:00 ar an Déardaoin agus 09:00 ar an Aoine, agus d’fhéadfadh tuillte a bheith ann. I láthair na huaire, tá an Chomhairle ag díriú ar bhearta inchoiscthe cosúil lena chinntiú go bhfuil silteáin agus draenacha glan agus ar dhéileáil le tuilte, crainn leagtha agus damáiste do mhaoin i ndiaidh na stoirme.

Tá sé i gceist ag an gComhairle gach acmhainn is féidir a úsáid chun déileáil leis na fadhbanna a chruthaíonn Stoirm Lorenzo agus iarracht a dhéanamh na fadhbanna a bhíonn ann a réiteach chomh tapa agus is féidir. Tá criúnna Oibríochtaí agus Seirbhísí Uisce réidh le dul i mbun oibre chomh maith leis an Aonad Bainistíochta Éigeandála agus an Chosaint Shibhialta.  

Moltar do shaoránaigh a maoin a sheiceáil agus a chinntiú go bhfuil rudaí a d’fhéadfadh imeacht leis an ngaoth, cosúil le troscán gairdín agus potaí bláthanna, slán sábháilte nó fágtha taobh istigh. Chomh maith leis sin, moltar do dhaoine a bheith réidh le déileáil le gearradh cumhachta, agus a bheith airdeallach ar an gcontúirt a bhaineann le línte cumhachta atá leagtha go talamh. Moltar d’úinéirí gnó agus tithe a ndraenacha féin a sheiceáil chomh maith.

Moltar don phobal fanacht glan ar thránna, cuanta agus bealaí siúil cois cósta agus fanacht taobh istigh ina dtithe. Moltar d’úinéirí báid feistiú agus soithí a sheiceáil sula n-éiríonn an aimsir níos measa. Beidh sé ina lán mara idir 3.18am agus 3.44pm ar an Déardaoin, agus idir 4.12am agus 4.37pm ar an Aoine.  Tá monatóireacht á déanamh ag an gComhairle, agus ag a sainchomhairleoirí RPS, ar cheantair ina bhféadfadh creimeadh cósta tarlú, agus tá siad i mbun idirchaidrimh le Grúpa Idirchaidrimh Cósta Fhine Gall

Is féidir le baill den phobal agus le hionadaithe tofa tuairiscí maidir le fadhbanna a tharla mar gheall ar thuilte agus crainn leagtha a chur in iúl ag www.fixyourstreet.ie. Is féidir glaoch ar 01-8905000 freisin chun fadhbanna a thuairisciú, agus tá duine ar fáil chun an teileafón a fhreagairt ar bhonn 24/7. Déanfar na tuairiscí seo a logáil agus a mheas. 

Laistigh de phobail, ba cheart teagmháil a dhéanamh le daoine scothaosta agus le comharsana leochaileacha roimh, i rith agus i ndiaidh na stoirme.  Ba cheart tuairiscí a dhéanamh maidir le daoine atá ina gcodladh amuigh trí ghlaoch ar 1800 707 707 nó iad a phostáil ar líne ag http://www.homelessdublin.ie/report-rough-sleeper#1

I láthair na huaire, beidh gach oifig de chuid na Comhairle, mar aon le hionaid pobail, leabharlanna, páirceanna, maoin oidhreachta agus áiseanna poiblí eile oscailte ar an Déardaoin agus ar an Aoine, ach beidh an t-eolas is déanaí le fáil ar ár gcainéil chumarsáide, lena n-áirítear Aip Fholáirimh Fhine Gall, ár suíomh gréasáin, www.fingal.ie, agus ár gcuntais Twitter, Facebook agus Instagram. Is é #Lorenzo an haischlib atá in úsáid ag gníomhaireachtaí Rialtais don imeacht seo.

Ba cheart do shaoránaigh ar mian leo breis eolais a fháil faoi conas ullmhú don stoirm atá ar an mbealach logáil isteach ar www.emergency.ie agus súil a choinneáil ar réamhaisnéisí Met Éireann ionas go mbeidh siad ar an eolas faoi na coinníollacha aimsire. Moltar do gach duine aird a thabhairt ar aon rabhadh sábháilteachta a eisíonn gníomhaireachtaí reachtúla.