An chéad suiteáil de phointí luchtaithe cuaillí solais EV de chuid ubitricity i mBaile Átha Cliath

First installation of ubitricity EV lamp post charge points in Dublin

Tá Comhairle Contae Fhine Gall agus ubitricity, ball de Ghrúpa Shell, i gcomhpháirtíocht chun roghanna luchtaithe nua EV a thástáil do thiománaithe i bhFine Gall. Mar chuid den chomhscéim phíolótach, rinne ubitricity dhá chuaille solais a athfheistiú i sráidbhaile Mhullach Íde lena luchtairí EV atá stóráilte taobh istigh den chuaille solais. Clúdóidh Comhairle Contae Fhine Gall na costais a bhaineann le húsáid na luchtairí le linn na trialach tosaigh, ag bogadh níos déanaí go dtí an tsamhail íoc in aghaidh an úsáide.

 Is é ubitricity an t-oibreoir pointe luchtaithe EV is mó sa Ríocht Aontaithe, agus is iad an dá chuaille solais atá suite in aice le Stáisiún Gardaí Mullach Íde agus an Stáisiún Traenach a chéad phointí luchtaithe in Éirinn. Trí réiteach luchtaithe poiblí a chur ar fáil d’áitritheoirí gan rochtain ar pháirceáil eas-sráide cosúil le garáiste príobháideach, is é cuspóir ubitricity ná EVanna a luchtú nuair a pháirceálann siad agus san áit a pháirceálann siad: thar oíche agus ar an tsráid díreach ar leac an dorais acu. Is féidir le tiománaithe luchtú gan síntiús a bheith ag teastáil tríd an gcód QR a scanadh agus na treoracha a leanúint.

 Leathnaigh leasú ar An Acht um Pleanáil agus Forbairt i Márta 2020 úsáid cuaillí solais sráide chun luchtú EV a chur san áireamh, ag cumasú an tionscadail phíolótach um luchtú cuaillí solais. Chun an t-aistriú i dtreo iompar níos inbhuanaithe a dhéanamh níos éasca d’áitritheoirí Fhine Gall, bheartaigh an Chomhairle réitigh a thástáil a ligfeadh do thiománaithe EV a pháirceálann ar an sráid luchtú díreach san áit a bhfuil siad ag páirceáil. Beidh rannpháirtíocht agus aiseolas na n-áitritheoirí áitiúla ríthábhachtach chun an straitéis amach anseo maidir le bonneagar luchtaithe a rolladh amach ar fud Fhine Gall a shainmhíniú.  

 Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta an réiteach is fearr a fháil dá gcónaitheoirí agus tá súil aici go n-éireoidh go maith le tástáil ar réiteach ubitricity.

 Dúirt Lex Hartman, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ubitricity : “Táimid ag tnúth le bheith ag obair le comhairlí ar fud na hÉireann, lena n-áirítear Comhairle Contae Fhine Gall, chun cabhrú leo agus le custaiméirí athrú go feithiclí leictreacha. De réir mar a bhíonn éileamh an phobail ar bhonneagar luchtaithe EV ag fás as cuimse tá réiteach an-inscálaithe agus éasca le húsáid ag teastáil, le haghaidh rolladh amach tapaidh. Cuidíonn an dlúithe uathúil leis na pointí luchtaithe a chumasc go maith le radhairc na sráide agus coimeádann sé na cosáin saor ó bhruscar. Cuirfidh an cumas an ceallra a athluchtú aon uair a bheidh an carr páirceáilte borradh faoi ghlacadh le EVanna de réir mar a n-éiríonn luchtú níos simplí agus níos áisiúla.”

 Tá David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí um Ghníomhaíocht Comhshaoil agus Taisteal Gníomhach ag Comhairle Contae Fhine Gall ag súil le tuilleadh forbartha ar bhonneagar EV ar fud an chontae: “Ligeann an tionscadal píolótach i Mullach Íde dúinn freagairt an phobail agus leibhéal úsáide na saoráide luchtaithe an-áisiúil seo nach gcuireann isteach ar rud ar bith a thomhas. Níl anseo ach gné amháin den phlean níos leithne maidir le bonneagar EV agus iompar inbhuanaithe laistigh d’Fhine Gall agus táimid ag súil go nglacfaidh cónaitheoirí agus cuairteoirí leis araon.”