News

in
in
28 May 2021
Beaches

Trá Bhaile Brigín – Faisnéis maidir le Fógra Comhairleach um Gach Séasúr i bhfeidhm in 2021

Is fógra sealadach sláinte poiblí é seo lena dtugtar comhairle don phobal faoin riosca féideartha breoiteachta mar gheall ar an rátáil aicmithe ‘Droch-Chaighdeán’ ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC).   Bhí an measúnú seo bunaithe ar na ceithre bliana dheireanacha de shonraí maidir le cáilíocht uisce snámha (2017-2020) agus níl baint aige le teagmhas truaillithe uisce snámha reatha.   Ní cosc ar snámh ná dúnadh na trá é. 

24 May 2021
Consultation

Comhairliúchán Poiblí Timpeallachta Trasteorann – Stáisiúin Núicléacha Doel 1 & 2, An Bheilg

De réir Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann (an Coinbhinsiún Espoo) an Coinbhinsiún ar Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartais i nGnóthaí Comhshaoil (An Coinbhinsiún Aarhus), fuair An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta fógra ón Aire Fuinnimh, Comhshaoil agus Forbartha Inbhuanaithe na Beilge, faoin síneadh atá beartaithe ar shaolré oibríochtúil stáisiúin núicléacha Doel 1 & 2 agus na hoibreacha feabhsúcháin a bhaineann le sábháilteacht núicléach, ag tabhairt cuireadh d’Éirinn páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí trasteorann.