Maoin ag Teastáil
Má thugann tú do mhaoin i mBaile Átha Cliath ar léas do d’údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath, cuirtear deireadh leis an neamhchinnteacht a bhaineann le bheith i do thiarna talún. Ar feadh suas le 20 bliain, d’fhéadfadh tú a bheith gan aon chostais fholmha, táillí ligin, riaráiste cíosa agus gan aon chostais chothabhála ó lá go lá. Déanann sé ciall airgeadais freisin, mar go mbeidh ioncam ráthaithe agat suas go dtí 92% de chíos an mhargaidh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, labhair linn ar 1800 855 920 nó tabhair cuairt ar dublinlandlords.ie
Táimid ag lorg maoine ar chaighdeán maith, troscánaithe ina iomláine agus atá folamh ina bhfuil 1,2,3 agus 4 sheomra codlata ar fud cheantar Fhine Gall le haghaidh ár Scéimeanna Cóiríochta Cíosa agus Léasa Fadtéarma.
Cuirfimid fáilte roimh léasanna maoine singil nó iolracha.
Is féidir leat leas a bhaint as;
- Ioncam ráthaithe míosúil ar feadh 5 go 20 bliain
- Athbhreithnithe rialta cíosa
Téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.
Íoslódáil na foirmeacha:
Foirm iarratais do Thiarna Talún i dtaca le Léasú Fadtéarma
Foirm Iarratais do Thiarna Talún RAS
Déan Teagmháil Linn
Soláthar Tithíochta, An Roinn Tithíochta
Teileafón : (01) 8708425
Ríomhphost:
[email protected]
nó
[email protected]