An Trá Mhín, Port Mearnóg

Portmarnock

Is trá ghainimh 5km ar fad í an Trá Mhín i bPort Mearnóg. Tá achar mór di lán dumhcha agus tá óstáin, bialanna agus galfchúrsaí cóngarach.

Tá roinnt bealaí isteach do choisithe go dtí an Trá Mhín.

Oibríonn Bus Átha Cliath seirbhís 32B agus 42 ó lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus freastalaíonn an dá sheirbhís seo ar stad bus ag an trá.

If you are using Irish Rail, it's about a 50 minute walk from Portmarnock train station to the beach. 

Má thaistealaíonn tú ar Iarnród Éireann, glacfaidh sé thart 50 nóiméad chun siúl ó stáisiún traenach Phort Mearnóg chuig an trá. 

Bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ó 11 am go 7 pm ar an Satharn agus an Domhnach i Meitheamh agus gach lá ó Iúil go Lúnasa. 

Is gné nádúrtha tábhachtacha iad na dumhcha ar an Trá Mhín Thuaidh. Tá siad leochaileach agus is mian linn iad a chaomhnú – bíonn fál thart ar chuid de na dumhcha ar uairibh. Le nach ndéanfar dochar dóibh ná siúil agus ná bí ag súgradh ar na dumhcha agus ar an bhféar timpeall orthu.

Is trá aitheanta í Trá Phort Mearnóg faoi na  Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha, 2008 (I.R. Uimh. 79 de 2008). Déantar monatóireacht ar an gcáilíocht uisce go rialta ó lár mhí an Mheithimh go dtí lár mhí Mheán Fómhair gach bliain. Bíonn torthaí na cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil www.beaches.ie.