Leabharlanna

Ríomhsheirbhísí agus Cúrsaí Foghlama Ar Líne

Íoslódáil closleabhair, ríomhleabhair, irisí agus nuachtáin ón réimse leathan atá ar fáil. Cuirimid na céadta cúrsa ar fáil freisin saor in aisce do gach ball de Leabharlanna Fhine Gall.

Déan an Aip Leabharlaine a Íoslódáil 

Anois is féidir leat teacht ar theideal, rud a chur in áirithe, rud a fháil ar iasacht nó rud a athnuachan, go díreach ar do ghuthán póca. 
Cianchuardach catalóige

Download from iTunes

Download from Google Play

Gnéithe na hAipe

Scanadh barrachód

Cén fáth a gceannófá rud nuair is féidir leat é a fháil ar iasacht? Ligeann an aip seo duit an barrachód ar aon teideal, in aon áit, a scanadh agus ansin an catalóg a chuardach le fáil amach más féidir leat é a fháil ar iasacht.

Faisnéis leabharlainne

Ó imeachtaí go huaireanta oscailte go treoracha, tá seirbhís a ndéantar í a nuashonrú go minic agus a thugann duit gach faisnéis a theastaíonn uait.

agus go leor rudaí eile chomh maith!

Tacaíocht

Mar thacaíocht agus tú ag baint úsáide as an aip, déan teagmháil [email protected]

freegal

Freegal Music

Fáilte chuig Freegal Music, seirbhís nua dhigiteach cheoil ó Leabharlanna Fhine Gall. Cuirimid 15 milliún amhrán ar fáil duit anois, catalóg ealaíontóirí cáiliúla de chuid Sony Music san áireamh. Is féidir leat os cionn 40,000 físeán ceoil a fheiceáil chomh maith. Níl aon teorainn le sruthú agus is féidir leat suas go dtí 5 amhrán in aghaidh na seachtaine a íoslódáil. Níl ort ach an aip Freegal a íoslódáil ar do ghléas, 'Fingal' a chur isteach nuair a iarrtar ort do sheirbhís leabharlainne a chur isteach agus ansin logáil isteach trí úsáid a bhaint as d'uimhir chárta leabharlainne agus PIN. Ansin beidh tú ábalta an chatalóg a bhrabhsáil, breathnaigh ar cad atá ag treochtáil, seinnliostaí a chruthú, brabhsáil de réir seánra agus amhráin a íoslódáil le haghaidh d'úsáide pearsanta.

www.freegal.com

borrowbox

Ríomhleabhair agus Soláthróirí ríomh - Chlosleabhair

Is é Bolinda an t-aon soláthróir ríomh-leabhar agus ríomh-chlosleabhar do Leabharlanna Fhine Gall. Bain úsáid as uimhir do chárta Leabharlainne móide d’uimhir aitheantais phearsanta (UAP) chun logáil isteach. i

Click here for BorrowBox

pressreader

PressReader

Faigh rochtain ar os cionn 7,000 nuachtán agus iris dhigiteach ó gach cearn den domhan - SAOR IN AISCE le do chárta leabharlainne! Chun rochtain a fháil agus tú ar shiúl, íoslódáil an aip PressReader ó d'aipmhargadh.  

PressReader

rbdigital

RB Digital Magazines

Huge range of the latest magazines available for you to enjoy FREE!  Back issues also available. Register with your library card number and download the RB Digital app from your app store for access on the go.

RB Digital

rbcomics

RB Comics

Rochtain SAOR IN AISCE ar réimse ollmhór greannán agus úrscéalta grafacha, teidil de chuid Marvel agus IDW san áireamh! Cláraigh d'uimhir cárta leabharlainne agus íoslódáil an aip RB Digital chun rochtain a fháil agus tú ar shiúl.

RB Comics

 

Mango Languages ar Líne

Cuirtear in iúl d’Úsáideoirí Mango Languages go gcuirfear Transparent Languages Online in ionad na seirbhíse seo ar cuireadh deireadh leis ag deireadh mhí Eanáir. Cuirfear eolas faoi conas teacht a bheith agat ar an tseirbhís seo ar fáil a luaithe a chuirtear i bhfeidhm é go hiomlán.

universal class

Cúrsaí ar líne

Anseo thíos tá nasc chuig an LGMA Universal Class nua.  Beidh ar bhaill leabharlainne a bhí cláraithe leis an tseirbhís a úsáid ar an sean-nasc athchlárú arís. Má tá tú leath bealaigh  trí chúrsa ar an sean-nasc cuir ar aghaidh chugainn do chuid mionsonraí, le do thoil – uimhir an iasachtaí + ainm an úsáideora + pasfhocal go [email protected] agus cuirfidh muid do chuid sonraí leis an nasc nua. 

Tá os cionn 500 cúrsa ar fáil againn le Universal Class. Is féidir leat do rogha rud a phiocadh ón gCuntasaíocht agus Leabharchoimeád go Staidéir Spioradálta. Aimsigh cúrsa a bhfuil spéis agat féin ann.  

LGMA Universal Classes

ArtistWorks

ArtistWorks

Ranganna Ceoil agus Ealaíona Saor in Aisce – rochtain ag baill ar ranganna teagaisc ceoil agus ealaíona den scoth ar líne saor in aisce.

ArtistWorks

Bunachar sonraí nuachtán ar líne ProQuest

Cuirtear in iúl d’Úsáideoirí ProQuest gur cuireadh deireadh leis an tseirbhís seo ag deireadh mhí Eanáir, chun teacht ar nuachtáin ag deireadh irisleabhair dhigiteacha ó áiteanna mórthimpeall an domhain, úsáid PressReader, le do thoil.

 

Nuachtáin agus irisleabhair dhigiteacha

Bain úsáid as uimhir do chárta leabharlainne  chun logáil isteach agus triail a bhaint as an tseirbhís nua seo a ligeann duit féachaint ar 2000 nuachtán ó 100 tír i 60 teanga. Féach anseo ar -Library.PressDisplay.com -  Tá treoir d’úsáideoirí anseo - ‌  

All Rights Reserved © Fingal County Council